Go Back

Shane Carton
Leas-Stiúrthóir Iniúchóireachta
Ina ról reatha, tá Shane freagrach as iniúchtaí airgeadais agus iniúchtaí feidhmíochta a bhaineann le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim.
Tar éis dó dul isteach san Oifig in 2010, thug Shane faoi roinnt ról bainistíochta in iniúchadh airgeadais agus in iniúchadh feidhmíochta araon sula raibh sé ina Leas-Stiúrthóir ar Sheirbhísí Lárnacha. Bhí sé ina ionadaí don Oifig mar chomhalta de Bhord Iniúchóireachta Eurocontrol idir 2017 agus 2021, agus bhí sé ina chathaoirleach ar an mBord don dá bhliain deiridh dá théarma.
Tá MSc i Staidéar Beartais Eacnamaíochta ag Shane ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus tá céim Baitsiléir Tráchtála ó UCD aige. Tá sé ina chomhalta freisin de Chumann na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte.





